Salann agus saol san Atacama

atacama

Gaineamhlach Atacama

(a)

Tá sé i bhfios agus i bhforas gurb é Gaineamhlach Atacama sa tSíle, an gaineamhlach is tirime agus is sine ar Domhan 1. Dúradh gurb é ceantar Yungay, i nGaineamhlach Atacama, an áit ba thirime ar Domhan le breis is 10 mbliana anuas. Is ar éigean a bhíonn an ceantar céanna taobh istigh den “teorainn tirimeachta” do nithe a bheith beo ann.

 Guanacos ag innilt san Atacama

(b)

Ach, is cosúil go bhfuil ceantar eile ann san Atacama, mar atá María Elena Sur, a bhuaileann ceantar Yungay amach le tirimeacht. De réir stáidéir a rinne eolaithe de chuid Blue Marble Institute ar cheantar María Elena Sur, tá bogthaise choibhneasta de 17.3% san atmaisféar agus bogthaise choibhneasta de 14% sa talamh in María Elena Sur.

Tá sé ar shlí a ráite anseo gur 14% an leibhéal bogthaise a fuarthas sa chráitéar “Gale” ar Máirt (Mars), rud a chuireann saol ar an phláinéad dhearg ar aon chéim le saol san áit is tirime ar Domhan.

PIA16058_-_Curiosity_Cradled_by_Gale_Crater

Créitéar Gale ar Máirt

(c)

Más é Gaineamhlach Atacama an áit is tirime ar Domhan, níl sé folamh ar fad: in 2006 tháinig Jacek Wierzcho, eolaí, ar chriostail shalainn san Atacama agus bhí na criostail úd lán de mhiocróib. Is cosúil go dtéann go leor solais isteach ar na criostail don fhótaisintéis a tharlú.

Tá an solas agus an t-uisce riachtanach don fhótaisintéis, áfach. Mar sin de, cá has a dtágann an t-uisce?

Tréith de chuid an tsalainn é gur féidir leis taisleach a dhiúl go díreach as an aer. Sin an fáth a gcaochann an sáiltéar i do chistin in aimsir fhliuch. Ólann na miocróib an t-uisce úd as an salann. Tíortar na criostail shalainn leis an ghrian i rith an lae ach bíonn go leor taisleach san aer san oíche leis na criostail a athlíonadh le huisce. Sa dóigh sin, leanann na miocróib beo, beag beann ar an triomach.

Inderborite-rare08-2-87b

 Criostail shalainn

(d)


1: http://www.astrobiology-in-chile.com/

a: photo credit: <a href=”http://www.flickr.com/photos/78673316@N00/9538927812″>Pukará de Quitor</a> via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”https://creativecommons.org/licenses/by/2.0/”>(license)</a&gt;

b: “Guanacos-001”. Licensed under CC BY-SA 2.0 de via Wikimedia Commons – https://commons.wikimedia.org/wiki/File:Guanacos-001.jpg#/media/File:Guanacos-001.jpg

c: “PIA16058 – Curiosity Cradled by Gale Crater” by NASA/JPL-Caltech/ESA/DLR/FU Berlin/MSSS – http://photojournal.jpl.nasa.gov/catalog/PIA16058. Licenced under Public Domain via Wikimedia Commons

d: “Inderborite-rare08-2-87b” by Rob Lavinsky, iRocks.com – CC-BY-SA-3.0. Licenced under CC BY-SA 3.0 via Wikimedia Commons – https://commons.wikimedia.org/wiki/File:Inderborite-rare08-2-87b.jpg#/media/File:Inderborite-rare08-2-87b.jpg

Advertisements

An Práta

Iarr ar dhuine pictiúr a dhéanamh den Domhan agus tosóidh siad amach le ciorcal mór mar seo:

Earth

(a)

Is fada an lá ó chruthaigh Newton gur raimhre an Domhan ag crios na Cruinne ná ag céimeanna níos airde leithid. Fórsaí lártheifeacha ó chasadh an Domhain is cúis leis an raimhre sin thart ar a bolg. Dá mba chruinne é an Domhan, níor chóir áit amháin bheith níos raimhre ná áit eile.

Is giorra an trastomhas idir an Mol Thuaidh agus an Mol Theas, ná trastomhas chrios na cruinne: is giorra sin de 42Km. Mar sin de, ní cruinne an Domhan ach éileapsóideach. Mar seo, féach:

Ellipsoid-rotationsflaeche

(b)

Níl ann sin ach tús an scéil, áfach. Má ghlachtar leis gur éileapsóideach do chruth an Domhain, ní hionann sin agus a rá gur éileapsóideach foirfe é. Is amhlaidh go mbíonn leibhéal na mara 110m os cionn an éileapsóidigh in áiteanna áirithe agus 85m faoin éileapsóideach céanna in áiteanna eile.

Ní hionann tiús do screamh na Cruinne ó áit go háit ach oiread. Is minic gur tibhe a bhíonn sí ar bhun sléibhe ná ar thóin na farraige mar shampla. Tagann athruithe ar fhorscreamh na Cruinne agus ar chroí na Cruinne fosta: téann siad i dtiús agus i dtanaíocht ó thráth go a chéile. Bíonn tionchar ag na hathruithe sin ar imtharraingt an Domhain agus, dá bharr sin, ar chruth an Domhain. Mar sin de, ní éileapsóideach ach oiread, ach “Geoid”, a thugann saineolaithe ar chruth an Domhain.

Ar a ndul thart ar an domhan do shatailítí, leanann siad cruth na Cruinne: imíonn na satailítí níos faide amach uainn agus tagann siad níos giorra isteach chugainn de réir mar a théann siad thart le háiteanna ar chumais éagsúla imtharraingthe.  Mar sin de, ní cruinn an fhithis a leanann satailítí a théann timpeall na cruinne ach chomh beag.

Ag seo cruth “ceart” na cruinne faoi láthair:

Geoid+2011Práta Imtharraingthe Potsdam

(c)

Gluais:

Crios na Cruinne: the Equator

Céimeanna níos airde leithid: higher degrees of latitude

Lártheifeach: centrigual

Cruinne: globe

Trastomhas: diameter

Mol Thuaidh: North Pole

Éileapsóideach: ellipsoid

Screamh na Cruinne: the Earth’s crust

Forscreamh na Cruinne: the Earth’s mantle

Croí na Cruinne: the Earth’s core

Imtharraingt an Domhain: the Earth’s gravity

Satailít: satellite

Fithis: orbit


a: photo credit: earth europe africa asia via photopin (license)

b: “Ellipsoid-rotationsflaeche” by Ag2gaeh – Own work. Licenced under CC BY-SA 4.0 via Wikimedia Commons – https://commons.wikimedia.org/wiki/File:Ellipsoid-rotationsflaeche.png#/media/File:Ellipsoid-rotationsflaeche.png

c: photo credit: Image: GFZ German Research Centre for Geosciences

Foinse: From Space to the Core of the Earth.

The World of GFZ: http://www.gfz-potsdam.de

Nua gach bia

5932294914_2ba9261017_b

(a)

Inniu, 7 Aibreán, táthar ag comóradh ‘Lá Domhanda na Sláinte‘.

Gach bliain bíonn téama faoi leith ann don lá agus i mbliana, tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ag iarraidh orainn ár n-intinn a leagan ar shábháilteacht bia mar théama.

“Sábháilteacht bia: go dté sé slán ón fheirm go dtí an pláta” an mana atá ag EDS do Lá Domhanda na Sláinte 2015. Mar chuid den lá, chuir EDS billeog eolais le chéile faoi shábháilteacht bia agus a thábhachtaí atá sí. Seo thíos cuid de na pointí ón bhileog eolais s’acu:


Spréitear tuilleadh ar 200 galar tríd an bhia Salmonella_sp._on_DC-agar_from_Flickr_69017875

Buailtear na milliúin duine tinn gach bliain agus faigheann cuid mhaith acu bás de dheasca bia truaillithe a ithe. Faigheann 1.5 milliún páiste bás gach bliain de dheasca buinní de shórt amháin nó de shórt eile. Bia nó uisce truaillithe a chaitheamh is bunsiocar leis an bhuinneach chéanna bunús an ama. Is féidir teacht roimh na galair siúd d’fhormhór, ach an bia a ullmhú mar is ceart.

(b)


Doctor_examines_patient_(2)Baol san am atá le teacht.

Nuair a smaoinímid ar dhaoine atá buailte síos le nimhiú bia, is amhlaidh a smaoinímid go mbíonn dhá cheann a ngoile ag gabháil. Ní ceist dúinn a sláinte. Más miotail throma nó tocsainí eile atá ar an bhia, áfach, féadann deacrachtaí sláinte macasamhail ailse nó neamhoird néareolaíocha a theacht as, an lá is faide anonn.

(c)


Is crua a chuireann galair ó bhia ar an té nach bhfuil an tsláinte aige/aici Pregnant_woman_eating

Is míle measa a théann galair ó bhia do dhaoine a bhfuil breachshláinte acu: do pháistí, do mhná atá ag dúil le duine clainne, don lucht easláinte agus do na daoine aosta mar shampla. Ní amháin go mbíonn siad tinn ach in amanna cuireann na galair sin i mbaol a mbáis iad.

(d)


Fresh_Vegetables_Supply_Chain,_Assam_StyleIs minic a báitheadh long láimh le cuan

Rud casta é bia a sholáthar sa lá atá inniu ann. Is iomaí cor is lúb a chuireann an bia uaidh ón fheirm go dtí an pláta, mar atá, an barr a bhaint, a chur isteach, a phróiseáil, a iompar agus a dháileadh sula sroicheann sé an té a shuíonn isteach chun boird. Is féidir truailliú a tharla am ar bith ón fheirm go gcuirtear an bia ar bord. Cuireann domhandú le fad agus le castacht an bhiashlabhra. Má bhíonn ráig ghalair ann, is doiligh dul go bunrúta an ghalair nó an bia lochtach a bhailiú isteach arís ó tharla go dtagann ár gcuid bia as gach cearn den domhan.

(e)


Tá roinnt baictéar ag éirí frithsheasmhach in aghaidh drugaí OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Tugann sé údar imní do dhochtúirí go bhfuil roinnt baictéar in ann seasamh maith a dhéanamh in aghaidh drugaí a úsáideadh lena marú roimhe seo. Tá ró-úsáid agus mí-úsáid antaibheathach sa talmhaíocht agus i bpórú ainmhithe ar cheann de na cúiseanna a bhfuil an fhrithsheasmhacht sin ag teacht chun tosaigh agus ag spré ar fud an domhain. Tá baol ann go mbeidh an fhrithsheasmhacht chéanna do dhrugaí le feiceáil sa duine daonna amach anseo, toisc fuíoll antaibheathach bheith ar an fheoil a ithimid.

(f)


Capall na hoibre an bia, ach é a bheith glan, maith agus ullmhaithe mar is ceart.

Be_happy(g)


(a) photo credit: <a href=”http://www.flickr.com/photos/17160935@N03/5932294914″>Dallas Farmers Market 2</a> via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”https://creativecommons.org/licenses/by/2.0/”>(license)</a&gt;

(b) “Salmonella sp. on DC-agar from Flickr 69017875” by Flickr user denn – Flickr. Licensed under CC BY-SA 2.0 via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Salmonella_sp._on_DC-agar_from_Flickr_69017875.jpg#/media/File:Salmonella_sp._on_DC-agar_from_Flickr_69017875.jpg

(c) “Doctor examines patient (2)” by Unknown photographer – This image was released by the National Cancer Institute, an agency part of the National Institutes of Health, with the ID 4558 (image) (next).This tag does not indicate the copyright status of the attached work. A normal copyright tag is still required. See Commons:Licensing for more information.English | Français | +/−. Licensed under Public Domain via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Doctor_examines_patient_(2).jpg#/media/File:Doctor_examines_patient_(2).jpg

(d) “Pregnant woman eating” by Photo Credit:Content Providers(s): CDC/James Gathany – This media comes from the Centers for Disease Control and Prevention’s Public Health Image Library (PHIL), with identification number #1085.Note: Not all PHIL images are public domain; be sure to check copyright status and credit authors and content providers.English | Slovenščina | +/−. Licensed under Public Domain via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Pregnant_woman_eating.jpg#/media/File:Pregnant_woman_eating.jpg

(e) “Fresh Vegetables Supply Chain, Assam Style” by Koshy Koshy – Flickr: Fresh Vegetables Supply Chain, Assam Style!. Licensed under CC BY 2.0 via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Fresh_Vegetables_Supply_Chain,_Assam_Style.jpg#/media/File:Fresh_Vegetables_Supply_Chain,_Assam_Style.jpg

(f) “Pig sheds in Pachington Copse, Harewood Forest – geograph.org.uk – 147448” by Jim Champion. Licensed under CC BY-SA 2.0 via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Pig_sheds_in_Pachington_Copse,_Harewood_Forest_-_geograph.org.uk_-_147448.jpg#/media/File:Pig_sheds_in_Pachington_Copse,_Harewood_Forest_-_geograph.org.uk_-_147448.jpg

(g) “Be happy” by MIZ @photozou.ja – http://photozou.jp/photo/show/96741/1698707. Licensed under CC BY 2.1 jp via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Be_happy.jpg#/media/File:Be_happy.jpg

Ar snámh le plaisteach

Defending Our Oceans Tour - Hawaii Trash (Hawaii: 2006)

(a)

Tá seantaithí againn ar bhruscar a fheiceáil ar an trá: buidéil, málaí, rópaí, buicéid agus mórán eile lena chois sin.

Ba léir d’eolaithe agus do chaomhantóirí go raibh plaisteach ag dul isteach i bhfarraigí an domhain le fada an lá. Rud nár léir dóibh, ámh, an méid a bhí á charnadh iontu.

Manila Bay Clean Up - Philippines 2006(b)

Tuigtear anois gur chruinnigh 8 milliún tonna de phlaisteach sna farraigí in 2010. Is ionann sin agus 5 mhála siopadóireachta, lán de phlaisteach, do gach tróigh de chósta ar domhan. Creidtear go rachaidh 9.1 tonna de phlaisteach isteach sna farraigí i mbliana.

Chuir Jenna Jambeck in Ollscoil Georgia agus a cuid comhghleacaithe in SAM agus san Astráil, chuir sin bun agus lorg ar an phlaisteach a ghabhann fos sna farraigí. Tuigtear ón staidéar acu gur 275 mhilliún tonna de phlaisteach a rinne tíortha farraige sa bhliain 2010 agus go ndeachaigh idir 4.8 agus 12.7 milliún tonna den phlaisteach sin isteach sna farraigí 1.

Drochbhainistíocht dramhaíola, an dumpáil oscailte agus bruscar á chaitheamh, mar shampla, is cúis leis an truailliú, a deir Jambeck. Ní cheaptar an dramhaíl agus an bruscar; ar an ábhar sin bíonn sé saor le dul ar an snámh.

Ní dhianscaoileann plaisteach. Ní dhéanann sé ach briseadh suas ina phiosaí beaga, píosaí a itheann éisc agus ainmhithe eile mara. Tóg buidéal plaisteach de mhéid aon lítir mar shampla, nuair a bhriseann sin suas ina phíosaí, bíonn go leor ann le píosa beag plaistigh a fhágáil ar gach míle slí de thránna an domhain 2.

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

(c)

I mórghuairneán an Aigéin Chiúin Thuaidh, mórghuairneán atá chomh mór leis an Tuirc, tá an plaisteach amuigh agus istigh ag 6Kg ann os coinne gach Kg de bheatha mhara 3.

Is minic a thógann éisc agus éin mhara píosaí móra bruscair in ainriocht bia. Is iomaí éan mara agus turtar a fuarthas marbh agus caipín buidéil, lastóir, nó balún sna putóga acu. Meastar go maraítear tuilleadh ar mhilliún éan mara, agus céad míle ainmhí mara gach bliain toisc iad a dhul in achrann i bpíosaí plaisteacha.

Sea Birds off the Coast of Mauritania

(d)

Deireadh gach caille faill. Tá geall airgid i gceartbhainistíocht na dramhaíola agus sa phlaisteach úd atá ag dul amú sna farraigí. Dar le Jenna Jambeck gurbh fhéidir poist a chruthú agus deiseanna eacnamaíochta a thapú ach an dóigh a bpléimid le dramhaíl a athrú. Ní hé amháin sin, ach chuirfeadh an t-athrú céanna biseach ar shaol agus ar shláinte daoine ar fud an domhain. An féidir na tairbhí sin a chur ina luí ar údair an truaillithe? Sin é an cheist.

Littering_the_beach_-_geograph.org.uk_-_1470809

(e)

a: http://www.greenpeace.org/international/en/campaigns/oceans/fit-for-the-future/pollution/trash-vortex/

b: http://www.greenpeace.org/international/en/campaigns/oceans/fit-for-the-future/pollution/trash-vortex/

c: Grianghfraf le: Hélène Guillet 2015

d:  http://www.greenpeace.org/international/en/campaigns/oceans/fit-for-the-future/pollution/trash-vortex/

e: “Littering the beach – geograph.org.uk – 1470809” by Hugh Venables. Licenced under CC BY-SA 2.0 via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Littering_the_beach_-_geograph.org.uk_-_1470809.jpg#mediaviewer/File:Littering_the_beach_-_geograph.org.uk_-_1470809.jpg

An ghoineog a bhaint as an neantóg

 OLYMPUS DIGITAL CAMERA(a)

Planda ar bheagán cairde í an neantóg. Gearrtar, stoitear agus spraeáltar í. Is fíorannamh a bhaintear leas aisti ar na saolta seo, ach, is mó a tairbhe ná a taibhse mar neantóg, agus is mairg a bheadh á gcur amú. Seo cuid de na dea-thréithe atá ag na neantógaí bochta:


20141010_1240381. Ní féasta go neantóg do na féileacháin: Bia atá sa neantóg don aimiréal dearg, don áilleán agus don ruán beag, atá i mbaol a chaillte. Beireann na féileacháin a gcuid uibheacha ar an neantóg fosta, áit a mbíonn siad slán ó naimhde. Tá na féileacháin iontach tábhachtach do phailniú barr agus fearacht na mbeach; má imíonn siad beidh daor orainn.


2. Luibh leighis: An rud is measa le duine ná dóigh neantóige, b’fhéidir gurb é lár a leasa é. Leis na cianta, chuir daoine duilleog na n5786287988_b7f396bbb0_oeantóige ar ailt le faoiseamh a fháil ó phian airtrítis. Cuireadh féacháint ar an chóir leighis sin in Ollscoil Plymouth sa bhliain 2000 agus cruthaíodh go bhfuil éifeacht leis: laghdaíonn dóigheanna neantóige pian airtrítis i mbun na hordóige mar shampla. Is minic a luaítear an neantóg ina leigheas ar ghúta, ar airtríteas agus ar ghalar chonair an fhuail 1. Meastar go gcuidíonn an neantóg le haigéad úrach a chartadh as na hailt agus is é an t-aigéad úrach a chuireann an gúta in olcas.  I dtriail eile a tuairiscíodh ar World Journal of Plastic Surgery, Eanair 2015, chonacthas go bhfuil leigheas in úsc na neantóige ar bhall dóite den dara grád 2. Cuidíonn an t-úsc le ball dóite a chneasú mar a bheadh vaseline ann. Bainfidh úsc na neantóige can den chloigeann fosta ach do chuid gruaige a ní as 3.

(b)


3.6904324338_39473b4564_o Is é an íocshláinte é: Tá leibhéil arda iarainn agus vitimíní A, C agus E ar an neantóg agus is foinse cailciam, maignéisiam agus béite-charaitéine í leis 4. Is féidir na tairbhí sin a bhaint as an neantóg ach sú nó tae a dhéanamh di. Baintear an dóigh aisti lena beiriú. Tá oideas maith do shú neantóige le Hugh Fearnley-Whittingstall ar shuíomh idirlín The Guardian.

(c)


4. Ní galar gan leigheas í dóigh neantóige: Leigheas dóigh neantóige a cuimilt le duilleog copóige. Chomh minic lena

Rumex_obtusifolius_001

athrach, fásann an chopóg i ngiorracht don neantóg. Ar an ábhar sin mheas daoine ar feadh i bhfad go raibh gaol idir an dá phlanda. Níl a leithéid de ghaol ann; comhtharlú amháin is cúis leis, dar le Phil Griffiths, ardgharraíodóir in Kew Gardens 4. Dar le Ray Mears* nach fiú duilleog copóige a chuimilt don áit ar dódh thú; ní mór an duilleog copóige a bhrú idir na bosa go mbrútar an súlach aisti. Cuirtear an súlach ar an dóigh neantóige lena leigheas. Creideann cuid daoine gur alcaileach don súlach copóige, feictear nach ea ach triail litmis a dhéanamh 5.

(d)


5. Uasal ó fhréamh: Is féidir snáithíní na neantóige a shníomh le ceann de na cordaí nádúrtha is láidre dá bhfuil ann a dhéanamh. Deirtear gur as snáithíní neantóg a rinneadh éide Arm na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda 6. Sa lá atá inniu ann, éadaí faiseanta, clúdaigh cúisíní agus páipéar a dhéantar as snáithíní neantóg. Mar chuid dá tráchtas fóchéime, rinne Alex Dear, iníon léinn in Ollscoil De Montfort, Leicester, rinne sí éadach cnis as snáithíní neantóg 7, go díreach in am ag Lá San Vailintín!


a: photo credit: <a href=”http://www.flickr.com/photos/34739556@N04/9019817484″>Myth Busting</a> via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”https://creativecommons.org/licenses/by/2.0/”>(license)</a&gt;

b: photo credit: <a href=”http://www.flickr.com/photos/27164521@N00/5786287988″>Anisette</a&gt; via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”https://creativecommons.org/licenses/by/2.0/”>(license)</a&gt;

c: photo credit: <a href=”http://www.flickr.com/photos/40385177@N07/6904324338″>ortiche e menta</a> via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”https://creativecommons.org/licenses/by/2.0/”>(license)</a&gt;

d: “Rumex obtusifolius 001” by H. Zell – Own work. Licensed under CC BY-SA 3.0 via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Rumex_obtusifolius_001.JPG#mediaviewer/File:Rumex_obtusifolius_001.JPG

* Ray Mears, The Survival Handbook, The Promotional Reprint Co Ltd  1990

Dánacht na Fimíneachta

Obama_meets_King_Abdullah_July_2014

(a)

Tháinig an tUachtarán Obama i dtír san Araib Shádach Dé Máirt le hAbdullah bin Abdulaziz, Rí na hAraibe Sádaí, a chaoineadh. Bhí 30 meall mór as SAM ina chuideachta; ina measc bhí: John Kerry, rúnaí stáit; John Brennan, stiúrthóir CIA; John McCain, seanadóir; Susan E. Rice, Comhairleoir Slándála Náisiúnta; agus ceathrar iarChomhairleoirí Slándála Náisiúnta. Bhí an Ginearál Lloyd J Austin III ann, agus feisirí Chomhdháil na Stát Aontaithe do Chalifornia, do Virginia agus do Nua-Eabhrac de bhabhta leis 1.

Nuair a maraíodh an seacht gcloigne déag i bPáras ag tús na bliana úire, 40 ceannaire an domhain a chuaigh chun na Fraince don mhórshiúl a tionóladh – ceannairí a tháinig gan choinne agus ceannaire amháin ar a laghad a tháinig gan iarraidh. Ní dheachaigh oiread agus ceannaire amháin as SAM.

Federica Mogherini, behind, Jean-Claude Juncker, Benjamin Netanyahu, Israeli Prime Minister, waving, Nicolas Sarkozy, former President of the French Republic, Ibrahim Boubacar Keïta, President of Mali, François Hollande, Angela Merkel, German Federal Chancellor, Donald Tusk, President of the European Council, behind, Mahmoud Abbas, President of Palestine, Matteo Renzi, Italian Prime Minister, and Viktor Orbán, Hungarian Prime Minister, behind (in the foreground, from left to right)

(b)

Is dócha nach ionann bás gnáthdhaoine agus bás rí, áfach: ní bhíonn smacht ag gnáthdhaoine ar chúrsaí ola.

Ach b’fhéidir nach ola atá taobh thiar den chuairt ómóis a thug Obama agus a chuid ceithearnach. Nach bhfuil an Araib Shádach ina comhghuaillí de chuid SAM sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta? Thig le SAM brath ar an Araib Shádach, rud nach féidir leo a rá leis an Fhrainc: ní fiú trácht ar “sceallóga na saoirse”.

Sa bhliain 2010, scaoil Wikileaks teachtaireacht a sheol Hilary Clinton chuig ambasáidí SAM. Sa teachtaireacht aici scríobh sí: “Tá an Araib Shádach ina cuiditheoir mór airgid go fóill ag al Qaeda, ag an Talaban, ag al Nusra agus ag grúpaí eile sceimhlitheoireachta…ar fud an domhain”.

Tá a fhios ag páistí an bhaile gurb as an Araib Shádach do Bin Laden agus do bheagnach gach uile ionsaitheoir 9/11. Mar a deir Noam Chomsky, tá an Araib Shádach ina stát miseanach, ag scaipeadh an Ioslám radacaigh chun na Pacastáine agus ag íoc as an sceimhlitheoireacht 2.

Tá an Araib Shádach ina comhghuaillí sa chogadh in éadan ISIS, sceimhlitheoirí a bhaineann an ceann de dhaoine. Sa 21 mhí a chuaigh thart ó rinne ISIS James Foley a fhuadach agus é a dhícheannadh, baineadh an ceann de 113 dhuine san Araib Shádach 3. Chaill 16 dhuine a gceann san Araib Shádach cheana féin in 2015 4.

Sular fhág Obama an India le trí choischéim na trócaire a ghabháil leis an Rí Abdullah, thug sé óráid uaidh i nDeilí. San óráid aige, chuir sé ina luí ar údaráis na hIndia a thábhachtaí atá caoinfhulaingt reiligiúnach agus cearta na mban 5. “Ba cheart go mbeadh gach bean ábalta a lá a chur isteach – na sráideanna a shiúl, dul ar an bhus – agus bheith sábháilte. Ba cheart urraim  agus dínit a thabhairt di” 6.

De réir Obama, leasaitheoir a bhí sa Rí Abdullah. Is fíor dó sa mhéid is gur thug an Rí cead vótála do na mná san Araib Shádach (bíodh nach bhfuil cead ag bean dul isteach san ionad vótála léi féin; caithfidh sí dul isteach leis an fhear ar leis í). Leasú eile a thug an Rí isteach, dlí in éadan na sceimhlitheoireachta. Faoin dlí sin cuirtear cosc ar shaoirse cainte, ar pháirtithe polaitíochta, agus ar mhná a bheith ag tiomáint nó ag dul ar rothar fiú. Tá dís bhan ar a laghad, Loujain al-Hathloul agus Mayssa al-Amoudi, i bpríosún faoi láthair as carr a thiomáint 7. Sceimhlitheoireacht atá curtha ina leith.

origin_10201990473

(c)

Sular toghadh Obama ina Uachtarán, chuir sé leabhar amach dar teideal “Danacht an Dóchais”. Beidh ábhar leabhair eile aige i ndiaidh a thréimhse mar Uachtarán a chaitheamh: “Dánacht na Fimíneachta”.


a: “Obama meets King Abdullah July 2014″ by US Embassy Riyadh – facebook. Licensed under Public Domain via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Obama_meets_King_Abdullah_July_2014.jpg#mediaviewer/File:Obama_meets_King_Abdullah_July_2014.jpg

b: photo credit: <a href=”https://www.flickr.com/photos/eeas/15650952733/”>European External Action Service – EEAS</a> via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/2.0/”>cc</a&gt;

c: photo credit: <a href=”https://www.flickr.com/photos/92278137@N04/10201990473/”>Tribes of the World</a> via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”http://creativecommons.org/licenses/by-sa/2.0/”>cc</a&gt;

Is fearr siúl maith ná drochsheasamh

origin_7586691192

(a)

Deir dochtúirí gurb é an rud is fearr is féidir a dhéanamh don tsláinte é. Féadann gach aon duine a dhéanamh, ó dhuine liath go leanbh, an té atá éadrom ar a chois agus an té a mbíonn na scoilteacha ag caitheamh air. Níl i gceist leis ach cos amhain a chur i ndiaidh na coise eile. Má dhéantar go rialta é, tiocfaidh feabhas ar an tsláinte, méadú ar an bhrí agus laghdú ar an strus. Níl ann sin ach tús an scéil. Seo cuid de na tairbhí eile atá le baint as tamall spaisteoireachta a dhéanamhl:

origin_3212291446

(b)

1. Cosaint ar an chúis is mó báis: Ní bhuaileann taom croí ná stróc chomh minic an té a théann a shiúl go rialta. Bíonn an brú fola s’acu níos ísle agus leibhéal an cholaistéaróil HDL (an dea-cholaistéaról), bíonn sin níos airde sa té ar thúisce leis siúl ná suí. Tugann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) le fios nach bhfuil duine as gach triúr lúfar go leor agus go bhfaigheann 3,200,000 duine sa bhliain bás dá dheasca. Easpa gnímh an ceathrú cúis báis is mó ar domhan i ndiaidh ardbhrú fola, caitheamh tobac, agus leibhéal glúcóis ró-ard san fhuil.

Neamhghníomhaíocht choirp is cúis le:

  • 21–25% de chásanna ailse chíche agus ailse dhrólainne
  • 27% de chásanna diaibéitis
  • 30% de chásanna galar iscéimeach croí 1

Ní gá stró a chur ort féin, áfach; bíonn an dea-thionchar céanna ar an bhrú fola agus ar leibhéil triacylglycerol is cuma cé acu 30 bomaite siúil i mbabhta amháin nó 3 bhabhta de 10 mbomaite as éadan a chéile a shiúlann tú 2.

origin_6853266595

2. Cosaint ar dhiaibéiteas: Nuair théann duine a shiúl, déantar glúcós a ionsú isteach sna matáin. Dóitear an glúcós taobh istigh de na cealla sna matáin, seachas é a bheith ag cruinniú i sruth na fola, rud a chuireann diaibéiteas ar dhuine 3.

 

(c)


 origin_2853700431

3. Cuidiú le héirí as an tobac: I ndiaidh chúig bhomaite de shiúl, scaoiltear an hormón ionoirfin, hormón a chuireann aoibh mhaith orainn. Laghdaíonn an hormón ionoirfin cíocras tobac agus ní théimid a smaoineamh ar thoitíní.

(d)


4. Cuidiú leis an mharóg a chailleadh: Dóitear calraí a fhad agus a bhímid ag siúl. Chomh maith leis sin, baineann an hormón ionoirfin, a scaoiltear le linn an tsiúil, baineann sin cíocras milseán dínn. Is minic a dhéanann duine craos nuair a bhíonn strus nó imní orthu. Is amhlaidh a laghdaíonn an siúl leibhéil struis agus imní, rud eile a chuidíonn linn meáchan a chailleadh 4.

origin_3086144259(e)


PET-image

(f)

5. Intinn ghéar a chothú: Cuidíonn siúl maith leis an inchinn, cothaíonn sé fás na néarón, na sionapsaí agus na bhfuileadán. De réir mar a théann daoine anonn in aois is cosúil go bhfuil suaitheadh coirp den sórt sin ina chuidiú le buainne cuimhne a choinneáil. I dtriail a rinneadh i SAM sa bhliain 2009, chonacthas gur fheabhsaigh smacht cognaíoch agus cumas acadúil i ngrúpa de pháistí bunscoile a shiúil ar feadh babhta amháin de 20 bomaite. Tá sé canta go dtéadh Arastatal a shiúl thart agus é ag teagasc; b’fhéidir nárbh ghealtacht gan ghuais aige é!

6. Strus: Chonacthas i dtriail a rinneadh sa tSeapáin in 2013 go n-ardaíonn leibhéil chromogranin A (CgA) le linn do dhuine a bheith ag siúl. Is comhartha struis é chromogranin A (CgA) agus bíonn sé ann ar leibhéal níos airde ná is gnách ó tharla go gcuireann an siúl strus coirp orainn. Mar sin féin, bíonn dea-thionchar ag an siúl ar mheanma an duine, tógann sé cian de dhaoine agus cuireann sé aoibh orthu, rudaí a laghdaíonn strus inchinne 5.

7. Cuireann sé brí ionat: Ní amháin go mbaineann píosa siúil an suan díot, is é rud go gcodlaíonn tú níos fearr dá thairbhe. As an chodladh a thagann brí don lá ar fad.

Vitality_3(g)

White_blood_cell_with_MRSA

8.Tá sé maith don chóras imíonachta: Tagann méadú ar líon na bhfuilcheall bán i ndiaidh bheith ag siúl ar feadh 30 bomaite 6. Maidir le galair eile, an té a théann a shiúl go rialta, bíonn seans níos fearr aige galar na gcnámh briosc, ailse chíche agus ailse dhrólainne a sheachaint.

(h)


9. Coinníonn daoine leis: Má thosaíonn daoine a shiúl is cosúil go gcoinníonn siad leis, áit a mbíonn nós ag daoine éirí as aclaíocht eile. Is dócha gur fearr arís a leanann siad den siúl más féidir leo cara a mhealladh leis an bhóthar a ghabháil leo, mar a dúirt an fear a dúirt é: gearrann beirt bóthar.

Gentle Exercise(i)

a: photo credit: <a href=”https://www.flickr.com/photos/cobaltfish/7586691192/”>cobaltfish</a&gt; via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”http://creativecommons.org/licenses/by-sa/2.0/”>cc</a&gt;

b: photo credit: <a href=”https://www.flickr.com/photos/helga/3212291446/”>Helga Weber</a> via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”http://creativecommons.org/licenses/by-nd/2.0/”>cc</a&gt;

c: photo credit: <a href=”https://www.flickr.com/photos/shaluna/6853266595/”>Sirja Ellen</a> via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”http://creativecommons.org/licenses/by-nc-sa/2.0/”>cc</a&gt;

d: photo credit: <a href=”https://www.flickr.com/photos/kenningtonfox/2853700431/”>weegeebored</a&gt; via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”http://creativecommons.org/licenses/by-nd/2.0/”>cc</a&gt;

e: photo credit: <a href=”https://www.flickr.com/photos/diegokarasik/3086144259/”>diegoksk</a&gt; via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”http://creativecommons.org/licenses/by-nc-sa/2.0/”>cc</a&gt;

f: “PET-image” by Jens Maus (http://jens-maus.de/) – Own work. Licensed under Public Domain via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:PET-image.jpg#mediaviewer/File:PET-image.jpg

g: “Vitality 3” by Benjamin J. DeLong – Flickr: Vitality #3. Licensed under CC BY 2.0 via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Vitality_3.jpg#mediaviewer/File:Vitality_3.jpg

h: “White blood cell with MRSA” by National Institutes of Health (NIH) – National Institutes of Health (NIH). Licensed under Public Domain via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:White_blood_cell_with_MRSA.jpg#mediaviewer/File:White_blood_cell_with_MRSA.jpg

i: “Peaceful walk through Kenwood” by Garry Knight from London, England – Gentle Exercise. Licensed under CC BY-SA 2.0 via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Peaceful_walk_through_Kenwood.jpg#mediaviewer/File:Peaceful_walk_through_Kenwood.jpg

Seacht gcogadh agus Duais Nobel na Síochána

origin_5058343213

(a)

 

Nuair a bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Uachtarán Obama sa bhliain 2009, is é a dúirt an Coiste Nobel:

“Tá an pholaitíocht idirnáisiúnta athraithe chun feabhais ag Obama agus é ina Uachtarán. Tá an taidhleoireacht iltaobhach i lár báire arís. Leagtar béim ar an pháirt a fhéadann na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile a dhéanamh. Caint agus caibidlíocht na huirlisí príomha chun coinbhleachtaí idirnáisiúnta, dá chásta dá bhfuil siad, a réiteach.” 1

Ní raibh oiread bliana caite ag Obama ina Uachtarán nuair a bronnadh Duais Nobel na Síochána air. I gceadas dó féin, d’admhaigh sé nach raibh an duais tuillte aige; bhí SAM i mbun cogaidh san Iaráic agus san Afganastáin san am. Deich lá roimh an bhronnadh, chuir Obama, Ceannfort, 30,000 saighdiúir breise chun na hAfganastáine.

Is cosúil gur thuig Obama féin go raibh rud éigin bunoscionn ar an oíche a thaistil sé go hOsló leis an duais a ghlacadh, agus rinne sé rud nár chualathas aon duine eile a dhéanamh riamh san ócáid: thug sé guth ar son na cogaíochta. “Ní chuirfear ina luí ar cheannairí al-Qaeda a n-airm a ligean díbh le caibidlíocht…Tá páirt le déanamh ag uirlisí cogaidh sa tsíocháin a choimeád,” a dúirt sé 2.

Ní fios cé na huirlisí cogaidh a bhí sé a mhaíomh, cé acu na gunnaí, na piléir, an fosfar bán agus na diúracáin a chuireann SAM chuig grúpaí báúla ar fud an domhain nó na ladrainn a úsáideann SAM le daoine neamhbháúla a mharú ar fud an domhain.

Is fíor nach Obama a d’fhógair cogadh ar an Iaráic, bhí sé ina éadan agus dúirt sé an méid sin sular toghadh ina uachtarán é. Ghabh daoine as sin gur fear síochána a bheadh ag teacht in ionad Bush, gríosóir cogaidh. Níor chuala siad an méid eile a bhí le rá aige, mar Obama – an rud nach binn le duine ní chluineann sé é. Dúirt Obama amach é, dúirt sé nach raibh sa chogadh san Iaráic ach sceach sa bhearna roimh Bin Laden a ghabháil 3. Ní dúirt Obama riamh go raibh sé in éadan cogadh a chur ar an Afganastáin, an tír is boichte ar domhan.

Sna cúig bliana ó ghlac Obama Duais Nobel na Síochána in Osló, chuir sé a chuid uirlisí cogaidh chun úsáide i gcúig thír eile mar atá, an Phacastáin, Éimin, an tSomáil, an Libia agus an tSiria. Maidir leis an bhéim a leagann sé ar pháirt na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, is leor dhá shampla de bheartas Obama a thabhairt: an tSiria a ionsaí gan Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a iarraidh 4; agus ag cur in éadan na Palaistíne agus iad ag iarraidh ballraíocht den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a bhaint amach.

Tá tuilleadh ar 390 ionsaí ladrainn déanta ag rialtas Obama ar fud na Pacastáine, na Somáile, agus Éimin le cúig bliana anuas. Sin 8 n-uaire níos mó ná a rinneadh le linn réim fhuilteach Bush. An áit ar chuir an tUachtarán Bush saighdiúirí glasa, cuireann Obama ladrainn ghlasa.

Is iomaí buntáiste ag ladrainn ar shaighdiúirí: Is féidir ladrainn a imscaradh ar fud an domhain ar bheagán fógra, gan aghaidh an phobail a thabhairt ar an scéal; ní thagann ladrainn ar ais abhaile i gcónraí; ní gá staitisticí oifigiúla a chur ar fáil ar líon na n-ionsaithe nó líon a n-íospartach; ní gá ainm na n-íospartach a thabhairt, toisc nach maraíonn ladrainn ach “sceimhlitheoirí” amháin – buillí beachta a bhuaileann siad, bíodh a fhios agat. Sa chéad sé mhí den chogadh san Afganastáin, bhuail SAM 22,000 “buille beacht”. Chuaigh an ceathrú cuid acu siúd ar strae. (b)

Measann The Bureau of Investigative Journalism gur breis is 2,400 duine, 273 sibhialtach ina measc, líon na ndaoine a mharaigh uirlisí síochána Obama 6. Is fada gairid a shiúlfá ar lorg an eolais sin sna príomh-mheáin chumarsáide, ámh. Tá na meáin ina dtost faoin cheannfort a théann chun cogaidh in éadan a gcos. Má chuir Bush “uafas agus uamhan” ar a naimhde, is amhlaidh a chuireann Obama cogadh ceilte orthu.

Tá Lá Martin Luther King ag tarraingt orainn agus beidh daoine ag cur Obama i gcosúlacht leis an Dochtúir King mar is dual dóibh. Cuirfear pictiúirí mar seo in airde ar Facebook:

origin_3152048405

(c)

Is fíor gur bronnadh Duais Nobel na Síochána orthu beirt, ach sin a bhfuil de chosúlachtaí ann. Is minic trácht ag Obama ar an Dochtúir King. Rinne sé trácht in Osló féin air. Ní fios feasta cad é a déarfadh an Dochtúir King le Obama agus lena chuid ladrann, na huirlisí cogaidh a úsáideann sé leis “an tsíocháin” a choimeád. Is dócha gur leor a dúirt an Dochtúir in 1963:

“Tá ár gcumas eolaíochta ag teacht suas lenár gcumas anama. Tá diúracáin faoi stiúir agus fir gan stiúir againn.” (d)

 

 

 origin_4020342776
(e)

a: photo credit: <a href=”https://www.flickr.com/photos/blatantworld/5058343213/”>BlatantWorld.com</a&gt; via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”http://creativecommons.org/licenses/by/2.0/”>cc</a&gt;

b: Defence Committee, Second Report, Session 2001-2, 12 December 2001, http://www.publications.parliament.uk/pa/cm200102, ‘Summary’; Richard Norton-Taylor, ‘A quarter of US bombs missed target in Afghan Conflict’, Guardian, 10 April 2002

c: photo credit: <a href=”https://www.flickr.com/photos/walkadog/3152048405/”>Beverly & Pack</a> via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”http://creativecommons.org/licenses/by-nc/2.0/”>cc</a&gt;

d: Martin Luther King Jn, Strength to Love, 1963.

e: photo credit: <a href=”https://www.flickr.com/photos/tomsaint/4020342776/”>Rennett Stowe</a> via <a href=”http://photopin.com”>photopin</a&gt; <a href=”http://creativecommons.org/licenses/by/2.0/”>cc</a&gt;

Fathaigh inár measc – Ollbholcáin

“Cruthaíonn bolcáin sléibhte; itheann ollbholcáin iad. Maraíonn bolcáin plandaí agus ainmhithe sna mílte slí thart timpeall orthu; is é rud go gcuireann ollbholcáin speicis iomlána i mbaol a scriosta tríd an aeráid a athrú thart an domhan ar fad.” 1

De réir US Geological Survey (USGS), is ionann ollbholcán agus ionad bolcánach a raibh brúchtadh de mhéid a 8 ar Innéacs Sophléascacht na mBolcán ann. Is ionann sin agus a rá, nuair a bhrúcht an t-ollbholcán, gur mó na 1000 Km³ (240 míle³) de dheascán a rinne sé san aon bhrúchtadh amháin 2. Cuirfidh sampla craiceann ar na figiúirí sin: Bhrúcht an bolcán Krakatau sa bhliain 1883. Bhain sé méid a 6 amach ar Innéacs Sophléascacht na mBolcán, mar sin de, ‘gnáthbholcán’ a bhí ann. Chaith sé 11Km³ de dheascán san aer. Ní fhacthas éirí na gréine sa cheantar máguaird ar feadh 3 lá i ndiaidh an bhrúchta agus bhí teochta an domhain 1.2 céim Celsius ní b’ísle ar feadh 5 bliana ina dhiaidh 3. Mhairigh brúchtadh Krakatau 36,000 duine: bheadh ollbholcán 50 uair níba láidre ná sin.

 

Map_krakatau

(a)

 

 

Níor bhrúcht ollbholcán le cuimhne na seacht sinsear. Ná tarraingtear as sin nach bhfuil a leithéid de rud ann. Is ann dóibh agus ní marbh, ná beag de mharbh atá siad, mar ollbholcáin. Samplaí iad d’ollbholcáin: Yellowstone i SAM, Long Valley in Oirthear Chalafornia, Toba san Indinéis agus Taupo i Nua-Shéalainn, áit ar bhrúcht ollbholcáin go deireanach, tá 27,000 bliain ó shin 2. Tá ollbholcáin eile sa tSeapáin, sna Indinéis agus i Meirceá Theas.

Cé nach féidir tairngreacht a dhéanamh cé acu a bhrúchtfaidh ollbholcán arís nó nach mbrúchtfaidh, thug USGS buille faoi thuairim ar an cheist. Dar leo gurb ionann seans go mbrúchtfaidh ollbholcán agus go mbuailfidh astaróideach de mhéid 1 km an domhan, nó leis sin a rá ar dhóigh eile: 1 seans as 730,000 nó 0.00014% 3.

Saol ollbhollcáin ó óige go neart:

 ollbholcc3a1n-11 Téann tonn teasa a chruinniú i ndoimhneacht an domhain. Leánn sé an charraig atá go díreach thíos faoi screamh an Domhain. Cruthaíonn seo seomra ollmhór lán de mhagma, charraigeacha leathsholadacha, ghal uisce, agus gháis faoi bhrú. De réir mar a théann tuilleadh magma isteach sa seomra i gcionn na haimsire, tosaíonn an talamh os cionn an tseomra ag at ina orlaí go ndéanann sé cruinneachán.
 Oll2b Scoilteann an talamh thart ar an chruinneachán agus an talamh ag at. Téann scoilteann eile ó sheomra an mhagma go barr an talaimh, de réir mar a sháraíonn an brú i seomra an mhagma ar an screamh.
 Oll 3 Nuair a scaoiltear brú sheomra an mhagma amach ar na scoilteanna, pléascann na gáis go tobann “amhail is dá n-osclófá buidéal Coke i ndiaidh a chroite” mar a deir Bob Christiansen de USGS.
 Ollbholcán 4 Nuair a fhágtar seomra an mhagma folamh, is amhlaidh a thiteann an cruinneachán isteach sa seomra thíos faoi. Caildéara, ón fhocal Spáinneach a chiallaíonn ‘coire’, a thugtar ar an ísleán a bhíonn ann ansin. 2

Seo sampla de chaildéara:

 

Aniakchak-caldera_alaska (c)

Cad é atá i ndán don chine daonna má bhrúchtann ollbholcán arís?

Nuair a bhrúchtann ollbholcáin, éiríonn gáis in airde sa strataisféar. Measctar na gáis ansin le gal uisce. Ceo d’aerasóil sulfáite a dhéanann sin. Baineann na haerasóil solas na gréine den domhan, rud a fhéadann “geimhreadh bolcánach” a chur ar bun. Is amhlaidh a bhí sa bhliain 1816, “an bhliain gan samhradh” mar a thugtar uirthi. Thit sin amach nuair a bhrúcht Tambora an bhliain roimhe sin. Chuir sé sneachta in oirthear SAM i mí an Mheithimh 1816. D’fheall na barra agus bhí an bhliain ba mheasa gorta den 19ú haois ann dá dheasca [Oppenheimer, 2003].  Amach ó easpa sholas na gréine, bheadh cuid mhór den ilchríoch a bhfuil an t-ollbholcán uirthi, bheadh sin faoi luaithreach bolcánach fosta. Feictear ar an léarscáil seo thíos an áit a luífeadh luaithreach agus a dhoimhneacht a bheadh sé ach Yellowstone a bhrúchtadh ar feadh míosa:

img3059_900w_696h(d)

Feictear ar an léarscáil thuas go mbeadh idir aon mhilliméadar amháin agus cúpla ceintiméadar de luaithreach ar chóstaí SAM, mar a bhfuil bunús na ndaoine ina gcónaí i SAM. Cé gur beag an méid luaithrigh sin, bheadh deacrachtaí ann dá dheasca. Is leor cúpla milliméadar luaithrigh le bóithre agus rúidbhealaí a fhágáil sleamhain, le cur isteach ar sholáthar na haibhléise agus le deacair anála a chur ar dhaoine. Má thiteann an luaithreach ina cheintiméadair, mar a thitfeadh i Meániarthar na Stát Aontaithe, mhillfeadh sé an fheirmeoireacht agus an churaíocht. Sna háiteanna a mbeadh titim throm luaithrigh ann, thitfeadh foirgnimh faoin ualach, bheadh cumarsáid agus aerthaisteal ina stop fosta.2

Ní lia geolaí ná tuairim. Deir drong de lucht geolaíochta go bhfuil ár gcabhóg déanta ach ollbholcán a bhrúchtadh. Deir drong eile, USGS mar shampla, nach bhfuil cinnteacht ar bith leis sin. Níl againn ach taighde a rinneadh ar bhrúchtanna aniar as óige an tsaoil. De réir taighde a rinne Michael Rampino in Ollscoil Nua-Eabhrac, is beag nár imigh an cine daonna as droim an domhain nuair a bhrúcht Toba san Indinéis, tá 74,000 bliain ó shin. Bhain scamall luaithrigh ó Toba, bhain sin solas na gréine den domhan ar fad. Thit teocht an domhain le 21 chéim ar thalamh ard agus d’éag thart faoi 75% de ghnéithe plandaí sa leathsféar thuaidh. Dar le Rampino go bhfuil lorg na tubaiste úd le ‘léamh’ ar an DNA s’againn go fóill os rud é gur thit pobal an domhain go dtí cúpla míle duine agus gur sliocht a sleachta sinn 3.

Cibé rud atá romhainn, tá geolaithe ar aon aigne faoi rud amháin: is éadóigh go mbeidh brúchtadh ollbholcáin ann lenár lá. Bain sult as Yellowstone agus a leithéid ach bíodh a fhios agat gur ar ollbholcán atá tú ag leagán do choise, ar dhroim fathaigh.

 

Grand_prismatic_spring (e)

 

 

 

 

 

 

 

 

1 Joen Achenbach. National Gegraphic Magazine 2009. http://ngm.nationalgeographic.com/print/2009/08/yellowstone/achenbach-text

2 USGS

http://onlinelibrary.wiley.com/doi/10.1002/2014GC005469/full

3 Robert Roy Britt, Live Science, 2005

http://www.livescience.com/200-super-volcano-challenge-civilization-geologists-warn.html

a: Arna athchóiriú ag Ciarán Ó Maicín

“Map krakatau” by USGS – CVO Website – Krakatau, Indonesia – Map. Licensed under Public domain via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Map_krakatau.gif#mediaviewer/File:Map_krakatau.gif

b: Arna athchóiriú ag Ciarán Ó Maicín

“Caldera heb” by דקי – Own work. Licenced under Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Caldera_heb.jpg#mediaviewer/File:Caldera_heb.jpg

c: “Aniakchak-caldera alaska” by M. Williams, National Park Service – http://www.avo.alaska.edu/image_full.php?id=441. Licensed under Public domain via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Aniakchak-caldera_alaska.jpg#mediaviewer/File:Aniakchak-caldera_alaska.jpg

d: USGS arna athchóiriú ag Ciarán Ó Maicín   http://volcanoes.usgs.gov/volcanoes/yellowstone/yellowstone_sub_page_91.html

e: “Grand prismatic spring” by Jim Peaco, National Park Service – http://www.nps.gov/features/yell/slidefile/thermalfeatures/hotspringsterraces/midwaylower/Images/17708.jpgtransferred from the English Wikipedia, original upload 1 April 2004 by ChrisO. Licensed under Public domain via Wikimedia Commons – http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Grand_prismatic_spring.jpg#mediaviewer/File:Grand_prismatic_spring.jpg

An chaiféin – feartach nó fealltach?

Tá staidéar agus athstaidéar déanta ar an chaiféin le tamall maith anuas agus má tá féin, is neamhiontach – meastar go gcaitheann 90% de dhaoine fásta caiféin gach lá dá n-éiríonn.

Castar ar an chaiféin sa nádúr, i bplandaí agus i síolta. Nuair a chastar sna háiteanna siúd uirthi, is ann di leis na plandaí a chosaint ar lotnaidí. Nimh atá sa chaiféin. Maraíonn sí, nó baineann sí beatha na ngéag as feithidí a d’íosfadh an planda nó an síol. Ná téadh sin idir tú féin agus do chupán tae nó caife, áfach; meastar go mbeadh ar dhuine 100 cupán caife a ól taobh istigh de 4 huaire an chloig, le bás a fháil de ródháileog caiféine 1.

Seo an chuma atá ar an chaiféin lena breathnú trí leictreonmhicreascóp scanacháin:

B0008352 Caffeine crystals

Grianghraf le Annie Cavanagh and David McCarthy, Wellcome Images

Bíonn caiféin ar thae, ar chaife agus ar sheacláid fiú. Cuirtear caiféin ar bhia eile, macasamhail deochanna boga, deochanna fuinnimh agus leigheasanna ar an slaghdán agus ar an ulpóg.

Seo sampla den mhéid caiféine a bhíonn ar bhia agus ar dheochanna áirithe 2:

 

Muga de chaife scagaire 140mg
Muga de chaife ar an toirt 100mg
Canna de dheoch fuinnimh suas le 80mg
Muga tae 75mg
Barra seacláide suas le 50mg
Canna cóla 40mg
Barra de sheacláid bhainne suas le 25mg.

Deirtear go mbíonn daoine níos deaslámhaí, go dtig biseach ar chruinneas a smaointe agus ar an dóigh a gcuireann siad a smaointe in eagar i ndiaidh dóibh caife a chaitheamh. Is mó an méid caiféine san fhuil idir 15 agus 45 nóiméad i ndiaidh caife nó tae a ól 3. Má chaitheann duine an iomarca caiféine, áfach, corraitheacht, míshuaimhneas, neamhchodladh agus tiontú goile an deasca a bhíonn air.

Cad é mar a théann an chaiféin ag obair ar an chorp?

Is beag idir struchtúr na caiféine agus struchtúr an adanóisín. Móilín atá san adanóisín a chuidíonn codladh a chur orainn.

     a luí 2 beir beo

 

 

Nuair a nascann adanóisín le gabhdóirí san inchinn, ceansaíonn sé lárchóras na néaróg. Cuireann sin tuirse orainn agus cealgann sé a chodladh muid.

Fc_receptor_schematic_big b

Nascann móilíní caiféine leis na gabhdóirí ceannann céanna. Ní bhíonn tionchar ag na móilíní caiféine ar lárchóras na néaróg ach, ó tharla in áit an adanóisín iad, ní bhíonn slí sna gabhdóirí don adanóisín. Ní dhéantar an nasc idir an t-adanóisín agus na gabhdóirí a fhad agus a bhíonn móilíní na caiféine ann. Baineann sé idir 3 agus 5 huaire an chloig as an chorp an chaiféin a bhriseadh anuas 4. Le linn an ama seo, ní bhíonn tuirse orainn, bímid beo-intinneach; agus bímid ábalta aird a thabhairt ar cibé rud a bhíonn idir láimhe againn. Má bhíonn féin, ní hé go dtugann an chaiféin fuinneamh sa bhreis dúinn. Ní dhéanann sí, mar chaiféin, ach dul idir na gabhdóirí adanóisín agus a gcuid oibre. Faoin am a ídítear an chaiféin, bíonn obair bhreise curtha i gcrích againn, obair nach raibh d’fhuinneamh againn a dhéanamh. Tá cleas imeartha ag an chiféin ar an chorp.

 

adenosine_receptor_schematic_big1

 

 

An chaiféin agus an tsláinte

Ní raibh eolaithe ar aon intinn faoin chaiféin le mórán blianta, cé acu den fholláine nó den mhífholláine í. Ar feadh i bhfad, ceapadh go raibh baint ag an chaiféin le galar croí, le hailse agus le páistí a chur ó fhás. Chonacthas nach raibh bun le formhór na rioscaí siúd nuair a chuaigh féachaint orthu, áfach. I dtaca le galar croí mar shampla, chonacthas go raibh drochnósanna eile ag na daoine a bhí ag caitheamh an chaife (gur chaith siad tobac, mar shampla) ach nár cuireadh na drochnósanna eile sin san áireamh nuair a bhí staidéar á dhéanamh ar thionchar an chaife ar an tsláinte.

Is é a deir eolaithe san am i láthair gur mó an leas ná an riosca í an chaiféin. De réir taighde a d’fhoilsigh Harvard School of Public Health, “ní théann sé go mór i ndíobháil ar an tsláinte caife a ól”. Is cosúil, de réir an taighde chéanna, gur féidir 6 chupán caife a chaitheamh sa lá gan do shláinte a bhriseadh 5. Anuas air sin, tá fianaise ann go dtig laghdú ar riosca ailse chíche, ailse phróstataigh agus galar ae de thairbhe caife a ól 6.

Bíonn andúil sa chaife ag cuid daoine, áfach. Tagann athrú ar cheimic agus ar thréithe na hincinne de thoradh barraíocht caiféine a chaitheamh. Fásann gabhdóirí breise ar an inchinn leis an adanóisín a cheapadh. Sin an fáth nach dtéann cupán caife ina cheann don té a ólann caife gach uile lá. Bíonn mó sa mhó le hól ag an té sin sula n-aithneoidh sé aige an chaiféin, toisc an oiread sin gabhdóirí adanóisín ar an inchinn aige 7. Má éiríonn daoine mar sin béal na gclár as an chaife, is minic tuirse, tinneas cinn, agus pian sna matáin ag caitheamh orthu. Bíonn deacrachtaí acu a n-intinn a leagan ar rudaí fosta. Ar an dea-uair dóibh, ní bhíonn ach 7 – 12 lá mar sin le cur tharstu nó go raibh siad ar a seanléim arís 8.

Dúradh fada ó shin go raibh “measarthacht ar gach aon rud dá mba é ól an bhracháin é”. Is dócha gur féidir an méid céanna a rá le hól an chaife: níl dochar i mbraon de ach fanacht i mbun na measarthachta.

Bain sult as.

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Grianghraf le Hélène Guillet

 

b: By en:User:Ciar from w:en (en:User:Ciar from w:en) [Public domain], via Wikimedia Commons